An Ghabúin
| République gabonaise (fr) | |||||
| |||||
| Aintiún | La Concorde | ||||
| Mana | «Union, Travail, Justice» «Union, Work, Justice» «Единство, труд и справедливост» «Undeb, Gwaith, Cyfiawnder» «Enotnost, delo, pravica» | ||||
| Ainmnithe in ómós | cóta mairnéalaigh | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Príomhchathair | Libreville | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 2,025,137 (2017) | ||||
| • Dlús | 7.57 hab./km² | ||||
| Déamainm | Gabúnach | ||||
| Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Achar dromchla | 267,667 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | ||||
| Pointe is airde | Mont Bengoué (en) | ||||
| Pointe is ísle | an tAigéan Atlantach (0 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Middle Congo (en) | ||||
| Cruthú | 1960 | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Córas rialtais | poblacht | ||||
| Comhlacht reachtach | Parlaimint na Gabúine | ||||
| • Uachtarán na Gabúine | Léon M'ba (1961–1967) | ||||
| • Príomh-Aire na Gabúine | Raymond Ndong Sima (2023–) | ||||
| Eacnamaíocht | |||||
| OTI ainmniúil | 4,800,000,000 $ (2003) | ||||
| Airgeadra | franc CFA na hAfraice Láir | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Fearann Idirlín barrleibhéil | .ga | ||||
| Glaochód | +241 | ||||
| Uimhir theileafóin éigeandála | 1300, 1722 agus 18 | ||||
| Cód tíre | GA | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | gouvernement.ga | ||||
Is tír san Afraic í an Ghabúin. Is í Libreville an phríomhchathair. Is iarchoilíneacht Fhrancach í. Tá sí ag críochantacht leis an nGuine Mheánchiorclach, le Camarún agus le Poblacht an Chongó ("Congó-Brazzaville"). Bhain an tír amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 17 Lúnasa 1960, ach ní raibh ach beirt Uachtarán ag rialú na tíre ó sin i leith.
Go luath sna 1990idí, tugadh isteach bunreacht nua, agus thosaigh an daonlathas á fhorbairt sa Ghabúin. Inniu, áirítear ar ceann de na tíortha is rathúla í ar fud na hAfraice, ós rud é go bhfuil daonra réasúnta beag ann, agus an tír saibhir in acmhainní nádúrtha.
Is í an Chríostaíocht - an Caitliceachas ach go háirithe - an reiligiún is tábhachtaí sa Ghabúin, ach tá cuid mhaith Moslamaigh ann freisin, agus cleachtann cuid mhór de na Gabúnaigh anamachas chomh maith - is é sin, tugann siad adhradh do spioraid an dúlra.
Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, agus is féidir glacadh leis go bhfuil ceathrar as gach cúigear de mhuintir na Gabúine in ann ciall a bhaint as an teanga. Timpeall ar Libreville, is iomaí duine a labhraíonn Fraincis fiú ó dhúchas. Na teangacha eile a labhraítear sa Ghabúin, is teangacha Bantúcha iad a bhformhór. Is í an teanga Fang an ceann is tábhachtaí acu, agus í gaolmhar leis na teangacha Bulu agus Ewondo a labhraítear i ndeisceart Chamarúin.
Tháinig ainm na tíre as 'gabão' na Portaingéilise, focal a chiallaíonn cineál seaicéid nó cóta mhairnéalaigh a chaith cuid de na chéad Eorpaigh a chuaigh go dtí an tír úd. [1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
