Leictreon
![]() | |
| Rangú | charged lepton (en) |
|---|---|
| idirghníomhaíochtaí | idirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt |
| Frithcháithnín | posatrón |
| Fionnachtain | 1897 |
| Lucht leictreach | −1 |
| Móimint mhaighnéadach | 1.0011596521806 |
| Guairne | 0.5 |
| Paireacht | 1 |
| Forshiméadracht | selectron (en) |
| Eapainm | ómra |
| Uimhir Monte Carlo | 11 |
Sa bhfisic, is cáithnín fo-adamhach é an leictreon (Gréigis: ἤλεκτρον ḗlektron "ómra"), a léirítear go coitianta leis an tsiombail e−, a bhfuil lucht leictreach diúltach go bunúsach aige.
Níl comhpháirteanna ná fo-struchtúr ar bith ag an leictreon; i bhfocail eile, sainmhínítear go ginearálta é mar bhuncháithnín. I dteoiric na dteaghrán, deirtear gur teaghráin bhídeacha fuinnimh, seachas cáithníní, atá mar bhunaonaid ábhair sa chruinne. Tá mais ag an leictreon atá tuairim is 1836 oiread níos lú ná mais an phrótóin. Is ionann móiminteam uilleach (guairne) intreach an leictreoin agus luach leathshlánuimhreach in aonaid ħ, rud a chiallaíonn gur feirmíón é. Tugtar posatrón ar a fhrithcháithnín: tá sé comhionann ach amháin i gcás go bhfuil luchtanna aige - lena n-áirítear luchtanna leictreacha - de chomhartha eile. Nuair a imbhuaileann leictreon le posatrón, is féidir an dá cháithnín a dhíothú go hiomlán agus fótóin ghámaradaíochta a tháirgeadh.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug na Sean-Ghréagaigh faoi deara gur mheall ómra rudaí beaga nuair a cuimlíodh é le fionnadh. Mar aon le tintreach, tá an feiniméan seo ar cheann de na heispéiris is luaithe a thaifead an chine daonna le leictreachas.[1] Ina thráchtas De Magnete, sa bhliain 1600, chum an t-eolaí Sasanach William Gilbert na téarmaí leictreachas, fórsa leictreach, is aomadh leictreach roimh éinne eile, chun tagairt a dhéanamh do na substaintí sin a bhfuil airí cosúil le hairíonna ómra acu a mheallann rudaí beaga tar éis iad a chuimilt.[2] Díorthaítear leictreach agus leictreachas araon ón Laidin ēlectrum, a tháinig ón bhfocal Gréigise ar ómra, ἤλεκτρον (ēlektron).
Bhí George Johnston Stoney, fisiceoir Éireannach, ar na chéad daoine a d’úsáid an focal ‘leictreon’ don chainníocht bhunúsach luchta a fhaightear sa leictrealú.[3]
Ba é Robert Millikan, Meiriceánach, agus a mhac léinn iarchéime ag an am, Harvey Fletcher, na chéad daoine a thomhais luach an luchta ar an leictreon.[4] D’úsáid sé turgnamh cáiliúil ar a dtugtar an turgnamh ola-bhraonach. Fuair sé amach go bhfuil lucht dar luach −1.6 × 10−19C (nó an luach sin iolraithe faoi shlánuimhir éigin) ar bhraon ola a luchtaítear go leictreastatach.


Foirmiú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í teoiric na hOllphléisce an teoiric eolaíoch is mó a nglactar léi chun na céimeanna tosaigh in éabhlóid na Cruinne a mhíniú.[5] Don chéad mhilleasoicind den Ollphléasc, bhí na teochtaí os cionn 10 billiún ceilvin agus bhí meánfhuinnimh os cionn 1 mhilliún Leictreonvolta ag fótóin. Bhí na fótóin seo fuinniúil a dhóthain le go bhféadfaidís imoibriú lena chéile chun leictreoin is posatróin a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, chuir dís posatrón-leictreon deireadh lena chéile agus d'astaithe siad fótóin fuinniúla.
Coinníodh cothromaíocht idir leictreoin, posatóin agus fótóin le linn na céime seo d'éabhlóid na Cruinne. Tar éis 15 soicind a bheith caite, áfach, thit teocht na cruinne faoi bhun na tairsí ina bhféadfadh foirmiú leictreon-positron tarlú. Chuir an chuid is mó de na leictreoin agus na posatrón a tháinig slán deireadh lena chéile, ag scaoileadh gámaradaíochta a d'aththéigh an chruinne go hachomair.[6]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Shipley, J. T. (1945). Dictionary of Word Origins. The Philosophical Library. p. 133. ISBN 978-0-88029-751-6.
- ↑ Benjamin, Park (1898). A history of electricity (The intellectual rise in electricity) from antiquity to the days of Benjamin Franklin. New York: J. Wiley, pp. 315, 484–85. ISBN 978-1-313-10605-4.
- ↑ Alex Keller: The Infancy of Atomic Physics. Hercules in His Cradle, Oxford University 1983. ISBN 0-19-853904-5
- ↑ GCE Physics[nasc briste go buan] A2 1 (Irish) Sum06.indd
- ↑ Lurquin, P.F. (2003). The Origins of Life and the Universe. Columbia University Press. p. 2. ISBN 978-0-231-12655-7.
- ↑ Silk, J. (2000). The Big Bang: The Creation and Evolution of the Universe (3ú heag.). Macmillan. pp. 110–112, 134–137. ISBN 978-0-8050-7256-3.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Of the "Electron", or Atom of Electricity Curtha i gcartlann 2005-08-08 ar an Wayback Machine - le G. J. Stoney, Philosophical Magazine, Series 5, Vol 38, l. 418-420, 1894
